Hurlamaboc, Éilís Ní Dhuibhne

Gaeilge na hÉireann / Éire / 2006

b’fhíormhaith liom cúig réal a thabhairt don leabhar seo, ach chan fhéidir liom, de bhrí shonrach: is cop-out mór é deireadh an leabhair, mar a fhaighimid dearbhú heitrighnéasachta (an póg idir Ruán agus Emma) ach cha dtchímid fiú amháin Dafydd, an buachaill atá a fhios againn go bhfuil sé aerach, agus go háirithe cha dtchímid é fiú agus ag labhairt le Colm — atá gan amhras, dhéarfainn de réir mar a labharfas sé faoi, i ngrá leis, nó ar aon chor gan splanc ina dhiaidh, ach nach deir ach go bhfuil “[s]eans” go bhfuil seisean aerach freisin.

tabhair dom níos mó, a Éilís. is maith an airí ar do léitheoirí é. Lig Do Na Buachaillí A Chéile A Phógadh, Mar Is Ceart Dóibh.

RUD EILE. cén fáth a d’úsáidfeá buama sa Tuirc chun tuismitheoirí Ruáin a mharú, in áit, mar shampla, timpiste tacsaí ar an tslí don aerfort? kind of fucked up a bheith ag cleachtadh foréigin i gceann eile an tsaoil díreach mar phrop do scéal nach dtabharfaidh aon aire don cheann sin.

seachas na dúshláin sin, áfach, thaitin an t-úrscéal liom, go formhór, agus cé go raibh díomá orm nach bhfuil sé níos aeraí, sílim go molfainn an leabhar, agus bheinn sásta go leor cóip de a fháil.

(air ais: prìomh-dhuilleag · lèirmheasan a rèir ùghdair · lèirmheasan a rèir dùthcha · lèirmheasan eile o Èirinn)